washington department of health cialis baptist health montgomery al
TV no image

Published on March 17th, 2012 | by Aaron McAllorum

0

TV: Scéal na Gaeilge

Mar cheiliúradh ar Seachtain na Gaeilge, tá ROSG an-bhródúil a shraith ceannródach nua, Scéal na Gaeilge, a thabhairt chuig an scáileán. Dhá chlár faisnéise is ea Scéal na Gaeilge a leanann aistear na teanga ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann. Tríd meascán míreanna beochan, cúlraí scáthlán glas agus taifeadadh ag láithreacha stairiúla, nochtann an tsraith seo stair na Gaeilge le radharc spraíúil ar na scéalta stairiúla agus miotasacha a bhaineann léi. Físiúil, úr agus bríomhar, tá Scéal na Gaeilge curtha i láthair agus scríofa ag Alan Titley, stiúrtha ag Diarmuid Goggins agus léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh do ROSG.

Go minic ní bhíonn tuiscint cheart ag daoine ar céard í an Ghaeilge, céard as a dtagann sí ná cé a labhair í. Ní thuigeann siad gurb í an Ghaeilge an teanga a labhair Cú Chulainn, Naomh Pádraig, Brian Ború, Macbeth agus Dónal Ó Conaill.

Ba í teanga muintir na hÉireann í leis na mílte bliain agus d’fhan sí mar phríomh theanga na tíre go haimsir an Ghorta Mhóir. I ngan fhios don chuid is mó de dhaonra na tíre, is í an Ghaeilge a labhair a muintir féin go dtí le cúpla glúin anuas.

Deir léiritheoir Scéal na Gaeilge, Ciarán Ó Cofaigh: “Le Scéal na Gaeilge, rinne muid iarracht rud éigin nua a dhéanamh leis an ghnáth sraith faisnéise stairiúil. Tríd an tsraith a chur i láthair ar bhonn fuinniúil, spraíúil agus maigiúil, tá muid ag súil go meallfaidh sé an té a bhfuil spéis acu sa teanga, chomh maith leis an té nach bhfuil. I mo thuairim, baineann an Ghaeilge le chuile dhuine, agus is ionann stair na hÉireann agus stair na Gaeilge.”

 

Tabharfaidh Scéal na Gaeilge ar aistear spraíúil, fuinniúil, oideachasúil thú, agus muid ar thuras tríd oidhreacht cultúrtha na hÉireann. Is iad ROSG, atá lonnaithe i gConamara, an comhlacht a thug na léiriúchán iomráitigh Cré na Cille agus Na Cloigne dúinn. Craolfar Scéal na Gaeilge ar TG4 ar an 17ú Márta ag 20:30 leis an dara chlár ag craoladh ag 20:30 ar an 19ú Márta 2012.

Tá Scéal na Gaeilge maoinithe ag TG4, An BAI agus Foras na Gaeilge.

Seo blas beag den chláir..

 

Tags: , , , , , , , , , , ,


About the Author

Tweet @aaronmcallorum I like day dreaming, picking flowers and sunsets. Doing a bit @925_PhoenixFm & Sports guy for @culch_ie love a bit of gaeilge comh maith. Location; Hibernia



Comments are closed.

Back to Top ↑

  • Categories